Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Fear lán le buanna - Seosamh Mac Donnchadha

Iar Uachtaran CLG Seosamh Mac Donnchadha.

Iar Uachtaran CLG Seosamh Mac Donnchadha.

Le Mártan Ó Ciardha

Ní bua ach buanna a bhí ag Seosamh Mac Donnchadha – bua ceannaireachta, intleachta, bua an eagair, na cumarsáide, na hóráidíochta, na lúthchleasaíochta an cheoil, na haisteoireachta agus mórán eile nach iad.

Ach, mar a dheimhneoidh siad siúd a raibh aithne acu air ó saolaíodh é, chomh maith leo siúd nár nár chas dó ach aon uair amháin, ba é pearsantacht fuinniúil, lách, laethúil, spóirtiúil Sheosamh a fhanfaidh ina gcuimhne na laetheanta gruama, dobrónacha, dorcha seo tar éis a bháis.

Ghealaigh Joe aon chuideachta inar sheas sé riamh ann agus le himeacht na hoíche (agus glac uaimse é nárbh é ba thúisce a thug aghaidh ar an leaba), d’éirigh sé níos deacra cúl a thabhairt dá chomhluadar suáilceach. Níorbh ionadh go raibh sé ar dhuine de na daoine ar m’eolas ba mhó a raibh cion air agus cairde aige.

Nuair a toghadh é ina Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael i 1997, bhí sé ar ar dhuine den dream ab óige a bhí i mbun an chúraim sin riamh. Bhain a thréimhse uachtaránachta le ré ina raibh athruithe móra ar leic an dorais ag na heagraíochta spóirt agus d’fhág cumas reachtaíochta agus samhlaíocht Joe go raibh a eagraíocht féin in ann leas iomlán a bhaint astu siúd.

Is gnó mór é an spórt sa lá atá inniu ann agus ba é fadbhreathnaitheacht Joe McDonagh agus na daoine cumasacha a tháinig ina dhiaidh a chinntigh gur é an Cumann Lúthchleas Gael an eagraíocht aimitéireach spóirt is foirfe ar dhroim na cruinne.

I dTuaisceart na Gaillimhe, i gCortún, dúiche dúchais a mháthar, Chrissie a chaith Joe na blianta ba thúisce dá shaol, ach i ndeireadh na gcaogadaí bhog an teighleach go Baile an Doirín nuair a fuair a athair Maitias post múinteoireachta ansiúd.

Ba as an Áill Bhán, cúpla míle taobh thiar de shráidbhaile Charna do Mhaitias  agus spreag sé dhá rud go háirithe i gcroíthe a mhic agus a iníne, Eilish – grá dá dteanga dhúchais agus do chluichí na Gael.

Bhí baint mhór ag Maitias le bunú an Choiste Iomána i nGaillimh, rud a thug faoi ndeara aiséirí an chluiche sa gcontae agus bhí Seosamh ar pháirc na himeartha sna heachtraí a d’fhógair sin – cluiche ceannais mionúir na hÉireann 1970, nuair a bhuaigh Corcaigh orthu, an chéad bhua riamh ag Gaillimh sa gcraobh Faoi 21 dhá bhliain dar gcionn agus bua an tSraithchomórtais Náisiúnta 1975.

Seosamh Mac Donnchadha agus Aogan O Fearghail i 2014.

Seosamh Mac Donnchadha agus Aogan O Fearghail i 2014.

San óráid a thug sé beagán os cionn scór bliain ina dhiaidh sin arús sa Royal Lancaster Hotel i Londain áit ar toghadh é mar uachtarán ar CLG i 1997, luaigh Seosamh Mac Donnchadha tús an aistir a thug chomh fada leis siúd é. “Ag iománaíocht in aghaidh na binne sa teach i mBaile an Doirín”, mar a dúirt sé féin.

Bhí Joe ar an bpáirc nuair a bhuaigh Cill Chainnigh ar Ghaillimh i gCluichí Ceannais Sinsireacha na hÉireann i 1975 agus mar chaptaen i 1979. Idir eatarthu bhuaigh sé gradam All Star i 1976. Faraor d’fhág víreas go mba ar bhinse na h-ionadaithe a bhí sé nuair a chroch a chara mór Joe Connolly Corn Liam Mhic Cárthaigh ar chéimeanna Ardáin an Ógánaigh i 1980, ach fágann a leagan den “West’s Awake” díreach ina dhiaidh sin a áit féin ag Mac Donnchadha san ócáid stairiúil úd ag iománaithe na Gaillimhe.

Ina shaol lasmuigh den Chumann Lúthchleas Gael ba in iomaire an oideachais a shaothraigh Seosamh tar éis dó Máistreacht sa Léann Cheilteach a bhaint amach in Ollscoileanna  na Gailllimhe agus Aberystwyth.

Bhí sé i mbun teagaisc i gColáiste Éinde i gCathair na Gaillimhe, ar a ndearna sé féin freastal mar ógánach, ag obair mar Thimire Gaeilge le Coiste Gairmoideachais na Gaillimhe sula bhfuair sé post mar Phríomhfheidhmeannach ar Choiste Gairmoideachais an Chontae sin agus ina dhiaidh i mbun an dhualgais chéanna le Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo/Shlighigh/Liatroma, nó gur éirigh sé as i ndeireadh an tsamhraidh seo caite .

Chaith sé tamall freisin ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge.

Ba iad na Cluichí Gaelacha, ár dteaga dhúchais, an ceol agus an deachomhluadar na rudaí ab ansa le Seosamh Mac Donnchadha, ach ba iad a bheanchéile Peig, a chlann, Muireann Eilís agus Eoin, a chlann siúd, Caoileann, Léana agus Cian, maraon lena dheirifiúr Eilish, aoibhneas a chroí.

Ár gcomhbhrón leo siúd go háirithe agus freisin le clann leitheadach Chumann Lúthchleas Gael.

Ba mhór an onóir dom go raibh sé le rá agam go mba tú mo chara. Amhail gach duine eile, fágann d’imeacht ualach ar mo chroí agus easpa i mo shaol, ach ba bhoichte agus ga dharóile an croí agus an saol sin go d’uireasa.

Leaba i measc na naomh, na n-iománaithe agus na n-amhránaithe agat a sheanchomrádaí.