Gráinne McElwain ceaptha ina Cathaoirleach ar Choiste Naisiúnta na Gaeilge, CLG
Le Jamie Ó Tuama
Dhearbhaigh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Cárthaigh, inniu gurbh í Gráinne McElwain a bhí ceaptha aige mar Chathaoirleach ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge, CLG, don tréimhse 2021-2024. Dhearbhaigh sé, freisin, baill eile an Choiste, ina bhfuil sé de dhualgas orthu polasaí agus tograí Gaeilge a leagan amach agus a chur i gcrích don Chumann uaidh seo go ceann trí bliana.
Is de bhunadh na Botha i gcontae Mhuineacháin í Gráinne ach tá sí ag cur fúithi i Leitir Móir i gConamara le tamall de bhlianta anuas agus clann a tógáil aici ann lena fear céile. Tá os cionn deich mbliana caite aici ag obair sna meáin chraolta agus aithne mhaith ag muintir na hÉireann uirthi de bharr na rólanna éagsúla a bhí aici ag cur i láthair agus ag obair ar sheónna éagsúla spóirt ar leithéidí Sky Sports, TG4, RTÉ, BBC, TV3 agus Eir Sport.
Is í Gráinne atá mar phríomhláithreoir reatha ar chraoladh Sky Sports ar na cluichí Gaelacha agus roghnaíodh mar Ambasadóir í ar Sheachtain na Gaeilge sa bhliain 2020. Is i mbun ceoil a bhíonn sí nuair a bhíonn cúpla nóiméad le spáráil aici agus is minic a ghlac sí páirt i Scór agus i bhFleadh Cheoil na hÉireann thar na blianta.
Labhair GAA.ie le Gráinne inniu lena cuid tuairimí a fháil faoina ceapachán agus faoi na pleananna éagsúla a bhí aici don chéad trí bliana eile. Ar an gcéad dul síos, mhínigh sí dúinn gur mhór an phribhléid di a bheith ceaptha ina Cathaoirleach ar an gCoiste.
'Bhí me ríméadach, bródúil agus an-bhuíoch as an deis a fháil', a deir Gráinne. 'Is mór an phribhléid é a bheith mar Chathaoirleach ar an gCoiste seo agus tá mé ag dúil go mór leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus a láidriú sa Chumann ag achan leibhéal agus ceangal níos láidre a dhéanamh le muintir na Gaeilge thar lear, fosta.'
Is é normalú na Gaeilge sa Chumann an sprioc is mó atá ag Gráinne don Choiste agus tá sí ag súil go mór le seifteanna éagsúla a chur i bhfeidhm leis an sprioc sin a fhíorú. Labhair sí faoi na nithe éagsúla ar mhaith léi féin a bhaint amach mar Chathaoirleach ar an gCoiste uaidh seo go ceann trí bliana.
'Normalú na Gaeilge agus an rud atá i gceist agam leis sin,' a deir Gráinne, 'ná go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil agus le feiceáil sa Chumann. Mothaíonn go leor daoine nach bhfuil a gcuid Gaeilge maith go leor agus bíonn faitíos orthu an méid atá acu a úsáid.
'Ba bhreá liom é dá mbeadh achan duine sásta cúpla focal a rá. Bheadh sé iontach níos mó Gaeilge a chluinstin agus a fheiceáil sna meáin chraolta náisiúnta, in achan chlub agus in achan chontae ag cruinnithe agus in óráidí.
'Ba mhaith liom go mbeadh an Coiste ag cuidiú chun na rudaí sin a bhaint amach agus an méid tacaíochta agus spreagtha agus is féidir linn a chur ar fáil dóibh.
'Ní hamháin go bhfuil muintir na Gaeilge in Éirinn ach tá siad ar fud na cruinne. Tuigeann muid go maith cé chomh tábhachtach is atá Cumann Lúthchleas Gael d’aon duine atá thar lear agus ba bhreá liom go bhfeicfeadh muid an ceangal céanna leis an Ghaeilge. Is é sin, go bhfuil baint ag an duine ní hamháin le Cumann Lúthchleas Gael ach leis an teanga fosta.'
Maidir leis an gCoiste féin tá sí ag súil go mór le gabháil i mbun oibre le baill eile an Choiste – Tomás Ó Cadhla, Frainc Mac Cionnaith, Sinéad Ní Fhionnagáin, Liam Ó Laochdha, Tricia Ní Chearra, Barra Mac Thiarnáin agus Séamus Ó Mídheach.
'Tá mé ag súil go mór leis. Tá grúpa ildánach ann le scileanna éagsúla agus iad iontach fuinniúil mar ghrúpa. Tá mé ag súil go mór le smaointe a phlé agus tabhairt faoi na spriocanna a bheidh á leagan síos againn uaidh seo go ceann trí bliana.'
Agus í ag labhairt faoin áit ar mhaith léi an coiste a fhágáil ag deireadh a tréimhse mar Chathaoirleach air, dúirt Gráinne:
'Tá sé ar nós geansaí do chlub a chaitheamh. Déanann tú do dhícheall nuair atá an geansaí sin ort agus nuair atá sé in am é a thabhairt do dhuine eile bheifeá ag súil go mbeadh ardchaighdeán bainte amach agat.
'Ba mhaith liom go mbeadh ceangal níos láidre ann idir an Ghaeilge agus Cumann Lúthchleas Gael, go mbeadh an Ghaeilge le cluinstin agus le feiceáil níos mó agus go spreagfadh muid daoine le níos mó Gaeilge a úsáid sa saol.'
Ceapadh na baill seo a leanas ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge CLG, don tréimhse 2021-2024.
Gráinne McElwain, Cumann Naomh Anna, Leitir Móir, Gaillimh
Tomás Ó Cadhla, CLG Dhún na Mainistreach-Baile na Cúirte, Port Láirge
Frainc Mac Cionnaith, Cill Chua, An Dún
Sinéad Ní Fhionnagáin, CLG Fhine Ghalainn, Áth Cliath
Liam Ó Laochdha, CLG Eochaill, Corcaigh
Tricia Ní Chearra, CLG Sheáin Uí Mháirtín, An Dún
Barra Mac Thiarnáin, CLG Chill Tiobraid, Liatroim
Séamus Ó Mídheach, CLG Ard Cloch, Cill Dara