Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Pádraig Mac Con Midhe

Buateoirí Gradam Mac Con Midhe, 2017.

Buateoirí Gradam Mac Con Midhe, 2017.

Ag bronnadh Gradaim MacNamee i mbliana dúirt Aogán Ó Fearghaíl gur 'ceannródaí ab ea Pádraig Mac Con Midhe, fear a bhí i bhfad chun cinn ar lucht a chomh-aimsire'.

B’as Ard Mhacha Theas Mac Con Midhe a bhfuil na duaiseanna cumarsáide seo ainmnithe i gcuimhne air. Bronnadh Gradam Mac Con Midhe ar Linwoods Armagh TV ar na mallaibh agus bhí cúis stairiúil ar leith ag muintir Ard Mhacha mórtas cine a bheith orthu. Tá Linwoods Armagh TV aitheanta ar fud na tíre as bheith ar tús cadhnaíochta ó thaobh cur chun cinn an CLG le húsáid na n-áiseanna is úire sa teicneolaíocht - Liosta iomlán de bhuaiteoirí Ghradaim MacNamee anseo http://www.gaa.ie/news/2016-mcnamee-awards-winners-announced/ 

I gCarraig A’ Stoicín, Foirceal na Cléire, in Ard Mhacha Theas a rugadh Pádraig Mac Con Midhe i Mí Mheán Fómhair 1896. Agus é beag óg  bhí cainteoirí Gaeilge ina gcónaí sa chomharsanacht chéanna leis. D’fhoghlaim Pádraig é féin Gaeilge go leor ag éisteacht le Maighréad ‘Modartha’ Uí Cheallaigh agus é ar cuairt aici nuair nach raibh ann ach tachrán. Chuaigh múinteoir spreagúil taistil de chuid Chonradh na Gaeilge, Eoghan Eoghnaí Chonaill Ó Gallchóir ó Anagaire, i bhfeidhm go mór ar an Phádraig óg.

Ba scoláire cumasach é Pádraig. Chuaigh sé ar scoil Náisiúnta i nDromainn Tí agus ar an mheánscoil i nDún Dealgan. Oileadh mar mhúinteoir náisiúnta é i gColáiste de La Salle, Port Láirge agus ar aghaidh leis le BE agus ME a bhaint amach in Ollscoil Londain. Chaith sé seal ag teagasc Gaeilge i gColáiste Oideachais Naomh Muire, Béal Feirste agus chaith sé scór bliain mar phríomhoide i mBunscoil Phádraig Naofa in Ard Mhic Nasca, Co. An Dúin. Ceapadh ina scrúdaitheoir Gaeilge é ag  Bord Oideachais Thuaisceart Éireann fosta, rud as an ghnáth do Chaitliceach ag an am.

Bhí Mac Con Midhe ar dhuine de bhunaitheoirí Chomhaltas Uladh i 1926 agus scríobh sé cuid mhór a bhí fíor-éirimiúil ar An tUltach. B’ansa an iris seo lena chroí i rith a shaoil. Ceapadh Mac Con Midhe ina uachtarán ar an choláiste chlúiteach Chonallach, Coláiste Bhríde Rann na Feirste, mar chomharba ar An Ath. Lorcán Ó Muireadhaigh . Chaith sé seal fosta ar Údarás RTÉ.

Bhí féith na ceannaireachta i Mac Con Midhe is cinnte agus léirigh sé é seo nuair a rinneadh Uachtarán ar an CLG  de mar theachta ó Chontae Aontroma (idir 1938 agus 1943). Is mó an chuimhne ar a sheal uachtaránachta de thairbhe gur baineadh Dubhghlas de hÍde, an chéad Uachtarán ar Phoblacht na hÉireann ag an am, de liosta na n-éarlamh ar an eagraíocht náisiúnta nuair a d’fhreastail sé ar chluiche sacair i gcuideachta an Taoisigh,  Éamon de Valera.

Bhí an bua ag Éirinn ar an Pholainn sa chluiche seo i Mí na Samhna 1938 ar Pháirc Chnocán Uí Dhálaigh ach i Mí na Nollag rialaigh Lár-Chomhairle CLG a theideal mar éarlamh a bhaint de de hÍde. Bhí 36 bliain caite aige mar éarlamh cheana féin. Ba i 1971 a baineadh an riail chonspóideach seo ag cur cosc ar bhaill tacú le cluichí gallda, riail 27, de na leabhair.

B’oiriúnach mar a ainmníodh Páirc CLG Naomh Pól, Ard Mhic Nasca i gcuimhne ar Phádraig. Ba in Ard Mhic Nasca, ar an chósta ó dheas de Loch Lao, a chaith sé an chuid is mó dá shaol oibre agus pósta i dteach ar bhaist sé féin *Bláithín *air.  I 1972, bliain i ndiaidh do Riail 27 a bheith bainte den chlár, tháinig CLG Naomh Pól i dtarrtháil ar Chlub Cruicéid Ard Mhic Nasca, nuair a thiomáin Údarás na mbóithre cuar-bhóthar thar a bpáirceanna imeartha. Fá chroí mhór mhaith, thug CLG Ard Mhic Nasca spás imeartha do chlub an chruicéid go ceann ceathrú céid ina dhiaidh sin. Nach mór an difear a dhéanann bliain.  

Ar Aoine An Chéasta, 28 Márta 1975 a fuair Mac Con Midhe bás agus cuireadh in Ard Mhic Nasca é.

Ní beag an onóir mar sin ag duaiseoirí Ghradaim MacNamee mar fathach fir a bhí ann gan dabht.

Le Réamonn Ó Ciaráin – Coiste Náistiúnta na Gaeilge, CLG