Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Paul Conroy na Gaillimhe fógartha mar Ambasadóir Gaeilge CLG do 2022

Paul Conroy na Gaillimhe, Ambasadóir Gaeilge CLG 2022

Paul Conroy na Gaillimhe, Ambasadóir Gaeilge CLG 2022

Le Jamie Ó Tuama

Fógraíodh gurb é Paul Conroy a bheidh mar Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael do 2022, ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh inniu. Tá Paul sáite i saol na Gaeilge ó rugadh é agus is de bhunadh Ghaeltacht Chonamara a bheirt tuismitheoirí. Tá an Ghaeilge fite fuaite i saol oibre agus pearsanta Paul agus tá sé ag súil go mór leis an ról mar Ambasadóir Gaeilge de chuid an Chumainn. Mar a dúirt se féin;

‘Is mór an onóir dom an ról seo a fháil agus tá mé ag tnúth go mór leis an mbliain amach romhainn. Rugadh agus tógadh mé le Gaeilge i gcathair na Gaillimhe, an Rinn Mhór. Is as Conamara do mo thuismitheoirí agus tá páirt lárnach ag an nGaeilge i mo shaol. Bím ag labhairt Gaeilge chuile lá agus bím ag múineadh Gaeilge. Is páirt mhór de mo shaol í an Ghaeilge agus tá mé ag tnúth go mór leis an ról seo.’

Mar chuid den ról beidh Paul ag tacú le scéimeanna agus le hócáidí Gaeilge de chuid an Chumainn ar nós Chomórtas Peile na Gaeltachta, Cuaille (iris Ghaeilge ar líne an Chumainn), Lá Mór na Gaeilge agus na GAAgaeilge Go Games a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh níos déanaí sa bhliain.

D’fháiltigh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Cárthaigh, roimh an gceapachán seo agus dúirt sé;

‘Tá an-áthas orainn a fhógairt gurb é Paul Conroy na Gaillimhe a bheidh mar Ambasadóir na Gaeilge ag an gCumann do 2022. Tá muid ag cur lenár gclár oibre don Ghaeilge i gcónaí agus céim mhór eile í an ceapachán seo don obair sin. Guíonn muid gach rath ar Paul sa ról seo.’

Tá Paul ag imirt le foireann shinsir na Gaillimhe ó 2008 i leith. Tá trí cinn de Chraobhacha Chonnacht buaite aige le linn an ama sin chomh maith le Roinn 2 de Shraith Peile Allianz.

Bhuaigh sé Craobh Idirmheánach na Gaillimhe lena chlub, CLG Naomh Séamus, sa bhliain 2010 chomh maith le Craobh Chonnacht cúpla mí ina dhiaidh sin. D’imir sé le foireann na hÉireann in aghaidh na hAstrála sa bhliain 2013.

Tá Coiste Náisiúnta Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael ag súil go mór le bheith ag obair le Paul don bhliain amach romhainn.