Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Idir ríméad agus briseadh croí ag Cluichí Ceannais Contae fud fad na tíre 

Bhí bua stairiúil ag Cumann Thomáis Uí Chléirigh, Dún Geanainn, i gCraobh Peile Thír Eoghain inné

Bhí bua stairiúil ag Cumann Thomáis Uí Chléirigh, Dún Geanainn, i gCraobh Peile Thír Eoghain inné

Le Jamie Ó Tuama

Bhí deireadh seachtaine mór millteach peile agus iomána againn le ríméad agus briseadh croí le brath ag Cluichí Ceannais Contae fud fad na tíre. 13 de chluichí ceannais ar fad a bhí ann – ocht gcinn peile agus cúig cinn iomána.

I gcúige Mumhan thóg sé am breise agus cúl leis an bpoc deireanach den chluiche ar Chill an Daingin an ceann is fearr a fháil ar Luachma-Caisleán Laighnigh i gCluiche Ceannais Iomána Thiobraid Árann. I Luimneach fuair na Piarsaigh an ceann is fearr ar Dhún Bleisce agus bhí an bua ag Cill Mhaoile ar an Tóchar i gCluiche Ceannais Iomána Chiarraí.

Bhí comhscór i gCluiche Ceannais Iomána an Dúin idir Baile Crann agus Port an Pheire tar éis am breise agus beidh dáta na hathimeartha le fógairt go gairid. Fuair Naomh Seosamh-Mullach Odhráinn an ceann is fearr ar Cheiltigh na Muinchille i gCluiche Ceannais Iomána an Chabháin. 

Bhí bua cúig chúilín ag Cuala ar Bhaile Buadáin i gCluiche Ceannais Iomána Átha Cliath.

I gCluichí Ceannais Peile na gContaetha i gcúige Uladh d’éirigh le Cumann Thomáis Uí Chléirigh, Dún Geanainn, an chraobh a bhuachan don chéad uair le 64 bliain nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Naomh Mac Artáin, Trí Leac, ar chiceanna éirice. Bhuaigh an Bhoth Craobh Mhuineacháin, bhuaigh Clann na nGael Craobh Aontroma agus bhuaigh Cill Chua Craobh an Dúin.

Sna cluichí ceannais peile eile bhí briseadh croí ann do Bhréachmhaigh nuair a fuair an Garraí Mór an ceann is fearr orthu i gCraobh Mhaigh Eo. Bhuaigh Tuar Loistreáin Craobh Shligigh, bhuaigh Naomh Bríd Craobh Ros Comáin agus bhuaigh Bealach Conglais Craobh Peile Chill Mhantáin.

Seo thíos na torthaí sinsir go léir ón deireadh seachtaine:

Lú – Babhtaí Dícháilithe Chraobh Shinsir Peile

Muirbhréidí 1-17 Cumann Uí Raghallaigh 3-06

Lú – Cluichí Leathcheannais Peile Chraobh Shinsir Peile

Naomh Máirtín 4-16 Naomh Mochta 2-11

Naomh Muire, Átha Fhirdhia 1-13 Gormaithe an Bhaile Nua 0-13 

An Mhí – Babhtaí Dícháilithe Chraobh Shinsir Peile

Baile an tSeanascail 2-18 Dún Seachlainn 2-09

Currach Átha 1-11 An Obair 0-11

An Mhí – Cluichí Leathcheannais Chraobh Shinsir Peile

Ráth Tó 1-14 Cnoc an Línsigh 1-09

Gaeil Cholmcille 2-15 Na Fianna 0-13

Áth Cliath – Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Iomána

Cuala 2-20 Baile Buadáin-Naomh Éanna 1-18

Cill Mhantáin – Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Peile

Bealach Conglais 1-13 Tigh na hÉille 1-09

Loch Garman – Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobh Shinsir Peile

Naomh Máirtín 3-13 Coill de hÓra 0-11

Na Raeiltíní 2-12 Naomh Séamus 1-12

Ceatharlach – Craobh Shinsir Peile

Éire Óg 1-14 Ó hAnracháin 0-09

Ráth Bhile 1-09 Seanleithghlinn 1-04

Gascaigh Stua Laighean 0-12 Gaeil Mhuine Beag 1-08

Na Cnoic Arda 5-09 Tigh an Réileáin 0-08

Cill Dara – Babhtaí Dícháilithe Chraobh Shinsir Peile

Baile Éide 0-22 Maigh Nuad 2-16 (an bua ag Baile Éide 7-6 ar chiceanna éirice)

**Cill Dara – Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobh Shinsir Peile **

Achadh Uí Mhórdha 1-18 Droichead Bhaile Sheáin 2-09

Na Sáirséalaigh 2-14 Na Ráithíní 2-06

Cill Droichid 1-18 Claonadh 0-07

Áth Í 0-19 Na Cloigthithe 1-06

Laois – Babhtaí Dícháilithe Chraobh Shinsir Peile

Ros Fhionnghlaise 3-12 Coill na Cúirte 1-11

An tSráidbhaile 2-09 An tArd Lios-Cill an Chruisígh 1-06

Laois – Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobh Shinsir Peile

An Fraoch Mór 0-16 An tArd Lios-Baile Cillín 1-10 

Baile Uí Laigheanáin 4-07 Mainistir Bhaile an Ruáin 1-08

Cumann Uí Dhíomasaigh 2-10 Gleann Uinseann 1-11

Port Laoise 1-13 Naomh Seosamh 1-08

Uíbh Fhailí – Cluichí Leathcheannais Chraobh Shinsir Peile

Ród 1-14 Éadan Doire 0-13 (tar éis am breise)

An Tulach Mhór 0-17 An Féar Bán 1-14 (an bua ag an Tulach Mhór 9-8 ar chiceanna éirice)

An Iarmhí – Cluichí Leathcheannais Chraobh Shinsir Iomána

Baile Chaisleáin Mhic Eochagáin 4-16 Cionn Torc 3-10

Cluain Cille 0-16 Gaeil Locha Léin 0-12

An Iarmhí – Babhtaí Dícháilithe Chraobh Shinsir Iomána

Ráth Fhearna 4-16 Dealbhna 2-06

An Longfort – Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobh Shinsir Peile

Eiméad Óg, Cill Eo 1-13 Naomh Muire 1-08

Meathas Troim 1-14 Mainistir Leathrátha 0-10

Port Láirge – Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobh Shinsir Peile

Ráth Ó gCormaic 4-10 An Chlais Mhór-Cionn tSáile Beag 0-11

Gaill Tír 1-15 Ródaithe na Brice 2-07

Baile na Cúirte 2-17 An Rinn 2-08

An Uidhir 2-09 Cill Rosanta 0-08

Tiobraid Árann – Babhta Dícháilithe Chraobh Shinsir Peile

Árd Fhíonáin 0-15 Ruagairí na nGaibhlte 1-10

Tiobraid Árann – Cluiche Ceannais Chraobh Iomána

Cill an Daingin 1-28 Luachma-Caisleán Laighnigh 3-20 (tar éis am breise)

Corcaigh – Babhta Dícháilithe Chraobh Phríomhshinsir Peile

Fánaithe na hAighlinne 0-18 Baile an Easpaigh 1-06

Corcaigh – Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobh Phríomhshinsir Peile

Dúiche Ealla 0-16 Fánaithe na Claise 0-15

Ciarraí – Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Iomána

Cill Mhaoile 2-12 An Tóchar 1-14

Luimneach – Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobh Shinsir Peile

Baile an Londraigh 1-08 Móin an Lín 0-09

Baile Stiabhna 0-14 An tAthair Ó Cathasaigh 0-08

Luimneach – Cluice Ceannais Chraobh Shinsir Iomána

Na Piarsaigh 5-27 Dún Bleisce 1-12

Gaillimh – Cluiche Leathcheannais Chraobh Shinsir Iomána

An Turloch Mór 2-17 Baile Locha Riach 1-17

Maigh Eo – Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Peile

An Cnoc Mór 1-12 Bréachmhaigh 0-13

Sligeach – Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Peile

Tuar Loistreáin 1-14 Droim Chliabh-An Ros 1-11

Ros Comáin – Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Peile

Naomh Bríd 1-11 Na Piarsaigh 0-08

Dún na nGall – Cluichí Leathcheannais Chraobh Shinsir Iomána

Setanta 3-18 An Bheart 2-11

Naomh Adhamhnán 2-17 Bun Cranncha 0-14

An Cabhán – Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Iomána

Naomh Seosamh-Mullach Odhráinn 2-09 Ceiltigh na Muinchille 1-11

An Cabhán – Cluichí Leathcheannais Chraobh Shinsir Peile

Cros ar Loch 2-16 Caisleán an Rathain 0-16

Réalta Dhún an Rí 2-12 Gaeil an Chabháin 0-10

Muineachán – Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Peile

An Bhoth 1-14 Béal Átha Beithe 0-07

Doire – Cluichí Ceannais Chraobh Shinsir Peile

Ó Donnabháin Rosa 1-11 An Suaitreach 0-10

Baile an Doire 2-12 Baile na Scríne 2-09

An Lúb 0-16 Eoghan Rua 1-08

Sleacht Néill 0-15 An Gleann 0-12

Tír Eoghain – Craobh Shinsir Peile

Cumann Thomáis Uí Chléirigh, Dún Geanainn 1-12 Naomh Mac Artáin, Trí Leac 1-12 (an bua ag Dún Geanainn 8-7 ar chiceanna éirice)

An Dún – Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Peile

Cill Chua 0-16 Ceathrú Aodha Dhuibh 0-09

An Dún – Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Iomána

Baile Crann 2-18 Port an Pheire 2-18 (tar éis am breise)

Aontroim – Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Peile

Clann na hÉireann 1-22 Cumann Chiceam, An Creagán 1-19 (tar éis am breise)