Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Tráth na gCeist Gaeilge CLG 2023-2024

Ó chlé - Máistir na gCeisteanna, Tomás Ó Muirí, foireann bhuacach 2023 - CLG Bharr na Cúille, Aidan agus Paul Dockery, Pauric agus Gerard Reilly, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, Gráinne McElwain

Le Jamie Ó Tuama

Tá Cumann Lúthchleas Gael ag glacadh le hiarratais do Thráth na gCeist Gaeilge CLG 2023-2024 faoi láthair. Más mian le do chlub a bheith páirteach ann cuir scéala chuig jamie.otuama@gaa.ie (cúige Laighean agus cúige Chonnacht), aedin.ni.bhriain.munster@gaa.ie (cúige Mumhan) nó chuig Niamh.McElduff.ulster@gaa.ie (cúige Uladh) roimh an Aoine, 2 Samhain.

Ag brath ar éileamh, d'fhéadfaí go mbeadh ar chlubanna réamhbhabhtaí a dhéanamh le Babhta Ceannais na hÉireann a bhaint amach i mí Eanáir. Ní mór a bheith i do bhall den chlub le páirt a ghlacadh ann.

Tá tuilleadh eolais le fáil ó Jamie Ó Tuama (jamie.otuama@gaa.ie).