Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

News

Turais Ghaeilge Thimpeall Pháirc an Chrócaigh á gcur ar fáil mar chuid de Sheachtain na Gaeilge

Treoraithe Thuras Pháirc an Chrócaigh agus Mhúsaem CLG

Treoraithe Thuras Pháirc an Chrócaigh agus Mhúsaem CLG

Mar chuid den cheiliúradh atá á dhéanamh ag Cumann Lúthchleas Gael ar Sheachtain na Gaeilge i mbliana beidh turais Ghaeilge thimpeall na staide á gcur ar fáil ag Músaem Chumann Lúthchleas Gael ar an Satharn, 16 Márta.

Tá Páirc an Chrócaigh ag croílár shaol spóirt na hÉireann le os cionn 100 bliain. Tá spás le haghaidh breis agus 82,300 duine inti agus tá an staid iontach seo ar an tríú staid is mó san Eoraip.

Tá i bhfad níos mó i gceist leis an staid dhraíochtúil seo ná spás, mar sin féin, mar a fheicfidh aon duine a shocraíonn gabháil ar an turas suimiúil iontach seo, a chlúdaíonn chuile choirnéal den staid.

Tabharfaidh treoraithe paiseanta an turais seo ar camchuairt inspioráideach timpeall ár staide náisiúnta thú, ina n-áireofar léargas iontach maidir leis an gcúis a mbíonn féar Pháirc an Chrócaigh chomh glas is atá, go dtí na heachtraí suntasacha a thit amach inti i stair na hÉireann. 

Agus é aitheanta ar cheann de na rudaí is fearr a d’fhéadfá a dhéanamh i mBaile Átha Cliath, áirítear deis suí i rannóg na ndaoine mór le rá, radharc chuimsitheach ar an bpáirc imeartha ó ionad na meán, turas ar na seomraí gléasta, agus, dar ndóigh, deis siúl tríd an tollán agus amach taobh leis an bpáirc – mar a rinne laochra móra na gcluichí Gaelacha roimhe – sa turas seo.  

Beidh spásanna don turas teoranta ach is féidir do áit a chinntiú anois ach gliogáil ar an nasc seo a leanas: https://www.ticketweb.ie/event/seachtain-na-gaeilge-tour-gaa-museum-tickets/9240775?pl=GAAMuseumP

Cuir do spás in áirithe láithreach!!